Measúnú
Is féidir le cur chuige déthreoch an mheasúnaithe, ina mbíonn measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana mar aon le scrúdú deiridh measúnaithe go seachtrach agus stát-theistithe, deis a chruthú don chothromaíocht chuí idir scoláirí a ullmhú do scrúduithe agus an smaointeoireacht chruthaitheach, gafacht leis an bhfoghlaim agus torthaí níos fearr do gach scoláire a éascú. Tabharfaidh a leithéid de chur chuige aitheantas do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna, léireofar meas orthu agus ceadófar measúnú níos iomláine ar ghnóthachtálacha oideachasúla gach duine óig. Gheobhaidh tú na Treoirlínte don Mheasúnú Rangbhuanaithe le haghaidh Ceoil sa roinn Príomhdhoicméid.
-
Measúnú Leanúnach arrow_drop_down
Tá ríthábhacht ag baint le cleachtais mheasúnuithe ranga ar bhonn leanúnach chun tacú le foghlaim an scoláire agus le gnóthachtáil an scoláire a chur chun cinn. Baineann measúnú leanúnach le cleachtas a bhíonn foirmitheach agus suimitheach araon.
Bíonn measúnú foirmitheach, comhlánaithe ag measúnú suimitheach, mar shaintréith ag an tSraith Shóisearach. -
Measúnú Rangbhunaithe 1: Punann Chumadóireachta arrow_drop_down
-
Measúnú Rangbhunaithe 2: Nóta Cláir arrow_drop_down
Cineál comhaid: YouTubeCliceáil ar an íomhá chun seinm -
Na Gnéithe Cáilíochta: Measúnuithe Rangbhunaithe arrow_drop_down
-
An Scrúdú Deiridh arrow_drop_down
Beidh scrúdú praiticiúil agus scrúdú scríofa i gceist sa scrúdú deiridh. Tabharfar 30% de na marcanna a bheidh ar fáil i leith an scrúdaithe phraiticiúil. Tabharfar 70% de na marcanna a bheidh ar fáil i leith an scrúdaithe scríofa.
Scrúdú Praiticiúil
Scrúdú Scríofa
-
Cruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair AFMÁ arrow_drop_down
Gheobhaidh comhaltaí foirne comhthuiscint ar chaighdeáin na sraithe sóisearaí trí phlé gairmiúil a dhéanamh sna cruinnithe Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, áit a dtabharfaidh na comhaltaí foirne a samplaí féin d’obair scoláirí isteach agus a gcuirfidh siad a mbreithiúnais i gcomparáid le breithiúnais comhghleacaithe eile, agus le samplaí anótáilte d’obair scoláirí arna gcur ar fáil ag CNCM. Le himeacht ama, is mar thoradh ar an bpróiseas sin a gheofar tuiscint níos fearr ar na caighdeáin agus a chinnteofar go ndéantar feidhmíocht scoláirí a mheas ar bhonn comhsheasmhach.
Cineál comhaid: YouTubeCliceáil ar an íomhá chun seinmTacaí don Chruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ)
Cineál comhaid: YouTubeCliceáil ar an íomhá chun seinmCeardlann Roghnach don Éascaitheoir AFMÁ